An Teampall

Tá an Teampall i Mount Congreve tógtha as cloch Portland agus ón dteampall tá radharcanna fairsinge ar an tuath máguaird. Is anso a bhfuil  Ambrose Congreve agus a bhean chéile Marjorie adhlactha anois.

Tá conifer Agathis australis ann in aice leis, ball d’fhine Araucariaceae, a bhfuil a shíolta uathúil agus a mhéid ollmhór i ndúchas an leathsféir theas.

Plandáladh an Beach Lawn, i dtosach báire le fáibhilí, i gcontrárthacht leis na plandaí  in aice láimhe. Chomh maith le sin tá ceann de na cosáin Magnolia campbellii a phlandáladh sa bhliain 1969 in aice leis an Beach Lawn agus dar ndóigh tá na bláthanna seo le feiscint ó fhad i gcéin.

Tá radhach iontach ar Abhainn na Súire le feiscint trí cholúin an Teampall Iónaigh, ceann de na radharcanna ab fhearr le Ambrose Congreve. Ón ait shuaimhneach agus machnamhach seo, leanann na cuairteoirí ar aghaidh chomh fada leis an Rocaille.

Mount Congreve Gardens - Irish Audio Tour
  1. An Teach & Ionad Cuairteoirí
  2. Whitestone Quarry
  3. An Teampall
  4. An Rocaille
  5. Herman Dool Walk
  6. An Pagóid
  7. An Eas
  8. An Cosán Boladhach
  9. Bellgate Lawn
  10. Gairdín Pléisiúir faoi Bhallaí
  11. Gairdín Cistine faoi Bhallaí