Léiríonn an Whitestone Quarry agus an Dell stair shaibhir Mount Congreve. Dar le Michael White, a chaith 40 bliain ag obair ar an eastát, do chuir muintir Congreve crios foscaidh nuiar a chuireadar fútha anso sa bhliain 1759, rud a chruthaidh micre-aeráid a thacaíonn le plandaí eachtracha ‘sna gairdíní. Is on gcairéal seo a tháinig cloch do na gairdíní. Chomh maith le sin do spreag an tréimhse a chaith Ambrose Congreve sa tSín an pagóid Síneach atá ag bun an chaireil.
Tugann an Dell in aice láimhe, atá timpeallaithe ag azaleas, spás ciúin a threoraíonn na cuairteoirí chomh fada leis an dteampall agus an chuid eile den ngairdín.